Friday, December 27, 2019

As Gaeilge #8

A Chairde, Mícheál anseo.
Tá súil agam go raibh Nollaig shuaimhneach agus bheannaithe agaibh go léir.
Tháinig Daidí na Nollag i mbliana arís- chuala mé é sin ar nuacht R T É - agus thug sé féiríní do pháistí na tíre.
Tháinig daoine muinteartha abhaile go dtí a dtuismitheoirí nó go dtí a gcairde ag iompar bronntanaisí agus dea- mhéine.
Bhí ceiliúradh agus am só i ngach teach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.
Níor tháinig aon sneachta. Ní raibh Nollaig bhán againn ach ní raibh an aimsir go dona.
Tríd is tríd, dar liomsa, bhí Nollaig mhaith againn an taobh seo tire buiochas le Dia.

Slán go fóill.  

Thursday, December 19, 2019

As Gaeilge #7

A Chairde. Mícheál anseo.
Tá an Nollaig buailte linn agus tá gach duine ag smaoineadh ar sos a thógáil óna gcuid oibre. Faoi Nollaig buaileann daoine le chéile agus cuirimid fáilte roimh ár gclann agus ár ngaolta abhaile. Tugtar bronntaisí agus bítear ag smaoineamh ar an mbliain atá beagnach thart.
Ní saoire ag gach duine áfach, agus ba dheas an rud é smaoineadh ar Dhochtúirí, ar Altraí, ar Threadlianna, ar Ghardaí, ar na Seirbhísí Dóiteáin etc. daoine a mbíonn orthu oibriú i rith na Nollag agus go minic nach mbíonn acu ach lá nó cúpla le caitheamh lena dteaghlach.
Ba mhaith liom Beannachtaí na Nollag agus na bliana nua a ghuí ar léitheoirí realboyle.com go léir. NOLLAIGH SHONA.

Slán go fóill.

Wednesday, December 18, 2019

As Gaeilge #6


A Chairde. Mícheál anseo,

An tseachtain seo caite tháinig deireadh  leis na Cúrsaí Cainte Gaeilge an fhómhair a bhí ar siúl sa Family Resourse Centre i Mainistir na Búille.
Ghlac seacht nduine dhéag páirt sna cúrsaí seo.
Bhí trí chúrsa ar siúl. Cúrsa amháin do dhaoine nach raibh gaeilge ar bith acu.
Cúrsa eile ar oíche difriúil do dhaoine a d'fhoghlaim gaeilge ar scoil nuair a bhí siad óg agus gur mhian leo dul ar ais chuige. Bhí an tríú cúrsa ar siúl do dhaoine a raibh gaeilge maith go leor acu agus gur mhian leo í a fheabhsú.
Tugadh amach Teastais ag deireadh an chúrsa.
Beidh cúrsaí an Earraigh ag tosú ar an gcéad lá is fiche d'Eanáir 2020.
Gach eolas ó Family Resource Centre.

Slán go fóill.

As Gaeilge #5


A Chairde, Mícheál anseo,

Tá an siopa Better Buy suite ar an Cresent i Mainistir na Búille. Ba iad Brian agus Jacqueline Kelly a d'oscail an siopa seo sa bhliain 1994. Tá siad á rith ó shoin  agus tagann daoine ann ó chian agus ó chongar.
Is breá liom an siopa seo mar tá earraí  ann nach feidir liom a fháil in aon áit eile. Is feidir liom gnáth earraí tí a fháil anseo ar phraghas níos ísle. Chomh maith leis sin ceannaím breagáin ann do mo gharchlann agus bronntanais do mo chlann agus do mo chairde.
Bíonn Brian agus Jacqueline cabhrach cairdiúil agus cainteach i gconaí agus labhraíonn siad beagán gaeilge liom ó am go ham.

Slán go fóill.

As Gaeilge #4


A Chairde. Mícheál anseo.

Is é  an Siopa Earraí Ginearalta W J Sloans, atá suite ar an bpriomhshráid, ceann de na siopaí is fearr liomsa i Mainistir na Búille.
Is iad Tom agus Theresa Cunningham atá ina bhun anois ó 1987 agus bíonn siad deas cairdiúil gealgháireach liomsa i gconaí. Labhraím i  nGaeilge leo go minic agus ní miste leo é sin.
Tá raon mór earraí ar diol sa siopa mór seo agus is breá liom ag siúl timpeall ann ag feachaint ar a bhfuil ar na seilfeanna. Nuair a theastaíonn aon earra uaim seo é an chéad siopa a dtugaim cuairt air.
Is sa bhliain 1861 a d oscail Muintir Sloans an siopa. Sa bhlian 1901chuaigh an siopa sin trí thine agus dóadh go talamh é. Is cosúil go LUCH a bhí ag lorg bia di féin a thosaigh ag scríobadh tríd bhosca cipíní solais ba chúis leis an tine. Tógadh arís é agus sin é an siopa atá le feiceáil againn inniu.

Slán go fóill.

As Gaeilge #3


A Chairde, Mícheál anseo.

Tá Ionad Achmhainne Teaghlaigh Mhainistir na Búille suite ar Chnoc na Sí in aice le Staisiún na nGardaí. 
Tá ainm an ionaid athruithe ó Family Life Centre go Family Resource Centre le cúpla bliain anuas. 
 Tá dhá aonad san FRC. An t aonad Comhairleoreachta agus Teiripe i dteach amháin agus an t aonad Tacaíochta Teaghlaigh sa teach eile. Cuirtear a lán seirbhísí ar fáil san aonad seo ó Yoga go seomra spraoi do pháistí go múineadh Gaeilge, Bearla, Spáinnise agus Iodáilise.
Cé go bhfuil seachtar fostaithe go lán aimseartha idir an dá theach tá an FRC ag brath go mór ar oibrithe dheonacha.
Chun a thuilleadh eolais a fháil faoin áit seo tabhair cuairt ar www.boylefrc.ie

Slán go fóill.

As Gaeilge #2


A chairde. Mícheal anseo.

Táim ag tnúth go mór leis an gceoldrama Sisters Act ar an satharn seo chugainn an triú lá fichead de mhí na samhna. 
Chonaic mé an scannán leis an ainm céanna ar an teilifís cúpla uair agus thaitin sé go mór liom. Nuair a chuala mé go raibh muintir cheolmhar Mhainistir na Búille á chur ar an stáitse, isteach liom go dtí Oifig Úna Bhán agus cheannaigh mé ticéad lena aghaidh. Sin coicís ó shoin agus bhí iontas an domhain orm go raibh leath de na suíocháin líonta cheana féin. Ar ndóigh beidh an Ceoldrama seo ar siúl i Halla Naomh Sheosamh ón gceadaoin an 20ú lá go dtí an satharn an 23úlá.
Mura bhfuil ticéad agat cheana féin, ná lig do mhaidí le sruth, faigh ceann gan mhoill.

IS CEOLDRAMA AR LEITH É SEO.

SIán go fóill.

As Gaeilge #1

A chairde, Mícheál anseo. D'iarr Seán O'Dowd orm píosaí gearra gaeilge a scríobh i gcomhair realboyle.com Ba mhaith liom scríobh faoi dhaoine a bhfuil aithne agam orthu agus faoi ghnóanna eagsúla timpeall an bhaile mhóir chomh maith le scéalta beaga spéisiúla eile. Is é ceann de na rudaí is fearr liomsa i Mainistir na Búille ná an Courtyard Market a bhíonn ar siúl gach Satharn ó 10am go 2pm. Tagann a lán daoine go dtí an margadh seo go rialta. Tagann daoine óga chomh maith le daoine fásta. Tugaim faoi ndeara go dteann a lán daoine go dtí na seastáin atá le balla an bhóthair. Sin an áit a mbíonn Adrian ag díol glasraí agus torthaí orgánacha. In aice le Adrian bíonn Bríd ag díol uibheacha agus ar an taobh eile de bíonn Padraig ag díol gach cineál bia. Is fearr liom an triúr seo mar bíonn siad sásta gaeilge a labhairt liom. Slán go fóill.