Wednesday, March 11, 2020

As Gaeilge #16

A Chairde, Mícheál anseo.


Tá Natural Options, atá suite in Ionad Siopadóireacht SuperValu diolta ag Pat Brogan agus ceannaithe ag beirt bhan áitiúil Paula Kelly agus Aoife O'Connor. Go n-éirí an t-ádh leo.
D'fhás na mná seo aníos le chéile i Mainistir na Búille agus tá siad anois i mbun gnó le chéile. Nach deas an rud é sin!
Sa Chogaslann Natural Options tá seirbhís iomlán oidise leighis ar fáil. Chomh maith leis sin tá gach cineál forlíon beatha agus sláinte gan trácht ar na táirgí áilleachta ar díol ann.
Beidh fáilte ag na hÚinéirí nua chomh maith leis an bhfoireann oibre Miriam, Sandra, Anna agus Sharyn roimh gach duine agus áthas orthu cabhrú lena gcuistiméirí maidir le cúrsaí sláinte agus áileachta. Go fada buan iad.

Slán go fóill.

As Gaeilge #15

A Chairde, Mícheál anseo.


Beidh lá oscailte na Leabharlanna Náisiúnta againn amárach sé sin Dé Sathairn an 29ú Feabhra. Beidh fáilte roimh gach duine go háirithe roimh dhaoine nach n-úsaideann an leabharlann go minic.
Tá  Leabharlann i Mainistir na Búille le 90 bliain agus is i King House atá sé suite le 22 bliain.
Tá a lán áiseanna sa Leabharlann. Tá seomra ar leith ann do  na bpáistí agus tá an-úsáid á bhaint as. Tá leabhair Ghaeilge agus leabhair Bhearla ar na seilfeanna ann. Bíonn an-spraoi ag páistí ann. Tá sé i gceist ag foireann na Leabharlainne clúichí boird a chuir ar fáil do pháistí le n-imirt sa seomra sin.
Tá seomra staidéir ann freisin agus seirbhís idirlín saor in aisce.
An t-aon chostas a bhaintear amach na laethanta seo ná an costas ar fhótachóireacht agus ar chlóbhuaileadh.
Is iad Matthew Gammon, Marina Bruen agus Aideen Griffin foireann oibre na Leabhlainne.
Slán go fóill.

As Gaeilge #14

A Chairde, Mícheál anseo.


Tá aithne agam ar Joe O’Donnell le fada. Is fear é a bhfuil ard-mheas agam air. Bíonn sé suailceach i gcónaí. Is minic a chonaic mé é ar an staitse i Halla Naomh Sheosamh anseo i Mainistir na Búille. Ar ndóigh tá taithí mhaith ag Joe ar an staitse mar ghlac sé páirt i bhfiche cúig ceoldramaí ar fad, i bPort Omna agus anseo.
Tá a chroi báite san C. L. G. áitiúil freisin agus freastalaíonn sé ar chluichí peile na háite go rialta ag tacaíochta leo.
Is i gContae Chiarraí a rugadh agus a tógadh Joe. Tar éis dó an Ardteist a bhaint amach chaith sé trí bliana ag obair i dTrá Lí. Thug sé a aghaidh ar Choláiste na hOllscoile Bháile Átha Cliath ansin, áit ar bhain sé Céim Tráchtála amach.
Ag obair san státsheirbhís a chaith sé a shaol oibre. Bhíodh sé ag taisteal ar fud na tíre mar chigire don Roinn Choimirce Shoisialaí.
Tá sé ar scor óna chuid oibre anois ón mbliain 2009 agus sílim  go bhfuil sé i gceist aige fanacht sa mBaile Mór Álainn seo an chuid eile dá shaol.
Go dtuga Dia saol fada duit a Joe. Slán go fóill.

Friday, February 14, 2020

As Gaeilge #13

A Chairde, Mícheál anseo.


Tá Boyle Motor Works ar cheann dena háiteanna móra le rá i Mainistir na Búille le fada an lá.
Sa bhliain 1980 cheannaigh Vincent agus Sheila Mc Donagh an garáiste sin chomh maith leis na Caidéil Peipril a bhí ós comhair an gharáiste.
D'éirigh go maith leo thar na mblianta agus is iomaí duine a bhí buíoch dóibh as ucht an tseirbhís a chuir siad ar fáil.
Sa bhliain 2004 d'oscail siad siopa san áit agus bhí an teaghlach ag rith an gharáiste agus an siopa ar feadh ceithre bliana déag.
Ansin tháinig athrú eile ar an áit. Sa bhliain 2018 thóg Corrib Oil an siopa agus na caidéil peitril ar chíos uatha.
Tá Boyle Motor Works ann i gcónaí ach is Ionad Boinn Gluaisteáin atá ann anois agus é ar fáil ar chúl an tsiopa. Is iad Gary agus Adrian, clann mhac Vincent agus Sheila atá á rith. Go fada buan a mhairfidh siad.
Bhí mé ag caint le Sheila le gairid agus chuir sé áthas orm nach bhfuil dearmad déanta aici ar an ngaeilge a d'fhoghlaim sí ar scoil ina hóige.
Slán go fóill.

Thursday, January 30, 2020

As Gaeilge #12

A Chairde, Mícheál anseo.
Inniu is mian scríobh faoin tseirbhís Chomhairleoireachta/Siciteiripe atá ar fáil san Family Resourse Centre i Mainistir na Búille.
   Tairgítear teiripe pearsanta, duine le duine, do theaghlaigh, do dhéagóirí agus do lánúin.
   Bíonn an tseirbhís seo ar oscailt chúig lá na seachtaine, Luain go hAoine ó 9am go 8pm.
   Cuireann an Chomhairleoiracht/Siciteiripe tacaíocht ar fáil do gach duine, do daoine fásta, do páistí agus do dhéagóirí a mbíonn fadhb acu ina saol ó lá go lá.
    Tagann daoine le fadhbanna mar buaireamh/imní, an galar dubhach, bás sa teaghlach chomh maith le briseadh cumainn/gaol idir páirithe agus gach a leanann iad chucu
   Is mian liom a rá gur úsáid mé féin na seirbhísí seo blianta fada ó shoin agus gur chabhraigh siad go mór liom.
   Tá costas na comhairleoireachta an-réasúnta, E10 go E50 ag brath ar d'ioncuim.
   Gach eolas ar fáil ar 0719663000.

Slán go fóill.

Friday, January 17, 2020

As Gaeilge #11


A Chairde, Mícheál anseo.

Táim ag scríobh inniu faoin mbialann Open Table i Mainistir na Búille. Tá an bialann seo i lár an bhaile agus tá sé ann le sé bliana. Is bialann mór é agus tá áit ann do sheasca duine. Bíonn sé oscailte ó a naoi ar maidin go dtí déanach san tráthnóna seacht lá na seachtaine. 
Is iad Martin Guithen agus Linda atá á rith agus tá foireann maith oibre acu. Is maith liom an bia a fhaighim anseo agus é ar phraghas maith. Tá beagán Gaeilge ag Martín agus tá Emma, Chloe agus Nicola abalta freastal ar chuistiméaraí as Gaeilge.
Bain triail as Gaeilge a labhairt leo an chéad uair eile a bhíonn tú ann.

Slán go fóill.

Friday, January 10, 2020

As Gaeilge #10

As Gaeilge – A Chairde, Mícheál anseo.
Ag tús na seachtaine seo bhuail mé le John Murphy sa bhliain Open Table. Tá sean aithne agam ar John le fada agus d’inis sé scéal a bheatha dom.
Rugadh agus tógadh John i mBaile Átha Cliath. Chaith sé ocht mbliana déag ina shaighdiúr singil sa chéad Chathlán i nDún Mhaoilíosa i nGaillimh. Gaeilge amháin a d’úsáid an Chathlán seo.
Bhuail sé le Maura, an bhean a phós sé sa bhliain 1967 agus tá siad ina gcónaí i Mainistir na Búille ó shin.
Bhí sé ar dhuine de na saighdiúirí Éireannacha a d’fhreastal sa Chongo mar chuid den Fhórsa Síochána na Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1960. Chonaic sé rudaí uafásacha ag tarlú san áit sin. Bhí an t-ádh leis teacht abhaile slán. Fad saoil John.
Slán go fóill.