Wednesday, March 11, 2020

As Gaeilge #14

A Chairde, Mícheál anseo.


Tá aithne agam ar Joe O’Donnell le fada. Is fear é a bhfuil ard-mheas agam air. Bíonn sé suailceach i gcónaí. Is minic a chonaic mé é ar an staitse i Halla Naomh Sheosamh anseo i Mainistir na Búille. Ar ndóigh tá taithí mhaith ag Joe ar an staitse mar ghlac sé páirt i bhfiche cúig ceoldramaí ar fad, i bPort Omna agus anseo.
Tá a chroi báite san C. L. G. áitiúil freisin agus freastalaíonn sé ar chluichí peile na háite go rialta ag tacaíochta leo.
Is i gContae Chiarraí a rugadh agus a tógadh Joe. Tar éis dó an Ardteist a bhaint amach chaith sé trí bliana ag obair i dTrá Lí. Thug sé a aghaidh ar Choláiste na hOllscoile Bháile Átha Cliath ansin, áit ar bhain sé Céim Tráchtála amach.
Ag obair san státsheirbhís a chaith sé a shaol oibre. Bhíodh sé ag taisteal ar fud na tíre mar chigire don Roinn Choimirce Shoisialaí.
Tá sé ar scor óna chuid oibre anois ón mbliain 2009 agus sílim  go bhfuil sé i gceist aige fanacht sa mBaile Mór Álainn seo an chuid eile dá shaol.
Go dtuga Dia saol fada duit a Joe. Slán go fóill.

No comments:

Post a Comment