Thursday, January 30, 2020

As Gaeilge #12

A Chairde, Mícheál anseo.
Inniu is mian scríobh faoin tseirbhís Chomhairleoireachta/Siciteiripe atá ar fáil san Family Resourse Centre i Mainistir na Búille.
   Tairgítear teiripe pearsanta, duine le duine, do theaghlaigh, do dhéagóirí agus do lánúin.
   Bíonn an tseirbhís seo ar oscailt chúig lá na seachtaine, Luain go hAoine ó 9am go 8pm.
   Cuireann an Chomhairleoiracht/Siciteiripe tacaíocht ar fáil do gach duine, do daoine fásta, do páistí agus do dhéagóirí a mbíonn fadhb acu ina saol ó lá go lá.
    Tagann daoine le fadhbanna mar buaireamh/imní, an galar dubhach, bás sa teaghlach chomh maith le briseadh cumainn/gaol idir páirithe agus gach a leanann iad chucu
   Is mian liom a rá gur úsáid mé féin na seirbhísí seo blianta fada ó shoin agus gur chabhraigh siad go mór liom.
   Tá costas na comhairleoireachta an-réasúnta, E10 go E50 ag brath ar d'ioncuim.
   Gach eolas ar fáil ar 0719663000.

Slán go fóill.

Friday, January 17, 2020

As Gaeilge #11


A Chairde, Mícheál anseo.

Táim ag scríobh inniu faoin mbialann Open Table i Mainistir na Búille. Tá an bialann seo i lár an bhaile agus tá sé ann le sé bliana. Is bialann mór é agus tá áit ann do sheasca duine. Bíonn sé oscailte ó a naoi ar maidin go dtí déanach san tráthnóna seacht lá na seachtaine. 
Is iad Martin Guithen agus Linda atá á rith agus tá foireann maith oibre acu. Is maith liom an bia a fhaighim anseo agus é ar phraghas maith. Tá beagán Gaeilge ag Martín agus tá Emma, Chloe agus Nicola abalta freastal ar chuistiméaraí as Gaeilge.
Bain triail as Gaeilge a labhairt leo an chéad uair eile a bhíonn tú ann.

Slán go fóill.

Friday, January 10, 2020

As Gaeilge #10

As Gaeilge – A Chairde, Mícheál anseo.
Ag tús na seachtaine seo bhuail mé le John Murphy sa bhliain Open Table. Tá sean aithne agam ar John le fada agus d’inis sé scéal a bheatha dom.
Rugadh agus tógadh John i mBaile Átha Cliath. Chaith sé ocht mbliana déag ina shaighdiúr singil sa chéad Chathlán i nDún Mhaoilíosa i nGaillimh. Gaeilge amháin a d’úsáid an Chathlán seo.
Bhuail sé le Maura, an bhean a phós sé sa bhliain 1967 agus tá siad ina gcónaí i Mainistir na Búille ó shin.
Bhí sé ar dhuine de na saighdiúirí Éireannacha a d’fhreastal sa Chongo mar chuid den Fhórsa Síochána na Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1960. Chonaic sé rudaí uafásacha ag tarlú san áit sin. Bhí an t-ádh leis teacht abhaile slán. Fad saoil John.
Slán go fóill.

Friday, January 3, 2020

As Gaeilge #9


A Chairde, Mícheál anseo.
Cuirimis fáilte roimh an mbliain nua. Tá súil agam go mbeidh 2020 ina bliain rathúil agaibh go léir. 
Le linn na Nollag bhí a lán daoine  ag freastal  ar Aifreann nó ar sheirbhísí eaglasta sa séipéal áitiúil. An Séipéal. Tháinig an focal sin ón Fhraincís fadó fadó. Teach an Phobail a thugtaí ar an séipéal áitiúil nuair a bhí mise óg. Bhí an t- ainm sin ciallmhar i mo thuairimse mar gurbh ann a thagadh an pobal áitiúil le chéile uair sa tseachtain, an áit a mbuaileadh cairde agus gaolta le chéile agus is ann a chloistí nuacht an cheantair. Is ann freisin a ndéantaí ceiliúradh  baistí,  póstaí agus  socraidí. 
B'fheidir go raibh ciall leis an teideal  Teach an Phobail.

Slán go fóill.