A Chairde, Mícheál anseo.
Táim ag scríobh inniu faoin mbialann Open Table i Mainistir
na Búille. Tá an bialann seo i lár an bhaile agus tá sé ann le sé bliana. Is
bialann mór é agus tá áit ann do sheasca duine. Bíonn sé oscailte ó a naoi ar
maidin go dtí déanach san tráthnóna seacht lá na seachtaine.
Is iad Martin Guithen agus Linda atá á rith
agus tá foireann maith oibre acu. Is maith liom an bia a fhaighim anseo agus é
ar phraghas maith. Tá beagán Gaeilge ag Martín agus tá Emma, Chloe agus Nicola
abalta freastal ar chuistiméaraí as Gaeilge.
Bain triail as Gaeilge a labhairt leo an chéad uair eile a
bhíonn tú ann.
Slán go fóill.
No comments:
Post a Comment