Wednesday, March 11, 2020

As Gaeilge #16

A Chairde, Mícheál anseo.


Tá Natural Options, atá suite in Ionad Siopadóireacht SuperValu diolta ag Pat Brogan agus ceannaithe ag beirt bhan áitiúil Paula Kelly agus Aoife O'Connor. Go n-éirí an t-ádh leo.
D'fhás na mná seo aníos le chéile i Mainistir na Búille agus tá siad anois i mbun gnó le chéile. Nach deas an rud é sin!
Sa Chogaslann Natural Options tá seirbhís iomlán oidise leighis ar fáil. Chomh maith leis sin tá gach cineál forlíon beatha agus sláinte gan trácht ar na táirgí áilleachta ar díol ann.
Beidh fáilte ag na hÚinéirí nua chomh maith leis an bhfoireann oibre Miriam, Sandra, Anna agus Sharyn roimh gach duine agus áthas orthu cabhrú lena gcuistiméirí maidir le cúrsaí sláinte agus áileachta. Go fada buan iad.

Slán go fóill.

As Gaeilge #15

A Chairde, Mícheál anseo.


Beidh lá oscailte na Leabharlanna Náisiúnta againn amárach sé sin Dé Sathairn an 29ú Feabhra. Beidh fáilte roimh gach duine go háirithe roimh dhaoine nach n-úsaideann an leabharlann go minic.
Tá  Leabharlann i Mainistir na Búille le 90 bliain agus is i King House atá sé suite le 22 bliain.
Tá a lán áiseanna sa Leabharlann. Tá seomra ar leith ann do  na bpáistí agus tá an-úsáid á bhaint as. Tá leabhair Ghaeilge agus leabhair Bhearla ar na seilfeanna ann. Bíonn an-spraoi ag páistí ann. Tá sé i gceist ag foireann na Leabharlainne clúichí boird a chuir ar fáil do pháistí le n-imirt sa seomra sin.
Tá seomra staidéir ann freisin agus seirbhís idirlín saor in aisce.
An t-aon chostas a bhaintear amach na laethanta seo ná an costas ar fhótachóireacht agus ar chlóbhuaileadh.
Is iad Matthew Gammon, Marina Bruen agus Aideen Griffin foireann oibre na Leabhlainne.
Slán go fóill.

As Gaeilge #14

A Chairde, Mícheál anseo.


Tá aithne agam ar Joe O’Donnell le fada. Is fear é a bhfuil ard-mheas agam air. Bíonn sé suailceach i gcónaí. Is minic a chonaic mé é ar an staitse i Halla Naomh Sheosamh anseo i Mainistir na Búille. Ar ndóigh tá taithí mhaith ag Joe ar an staitse mar ghlac sé páirt i bhfiche cúig ceoldramaí ar fad, i bPort Omna agus anseo.
Tá a chroi báite san C. L. G. áitiúil freisin agus freastalaíonn sé ar chluichí peile na háite go rialta ag tacaíochta leo.
Is i gContae Chiarraí a rugadh agus a tógadh Joe. Tar éis dó an Ardteist a bhaint amach chaith sé trí bliana ag obair i dTrá Lí. Thug sé a aghaidh ar Choláiste na hOllscoile Bháile Átha Cliath ansin, áit ar bhain sé Céim Tráchtála amach.
Ag obair san státsheirbhís a chaith sé a shaol oibre. Bhíodh sé ag taisteal ar fud na tíre mar chigire don Roinn Choimirce Shoisialaí.
Tá sé ar scor óna chuid oibre anois ón mbliain 2009 agus sílim  go bhfuil sé i gceist aige fanacht sa mBaile Mór Álainn seo an chuid eile dá shaol.
Go dtuga Dia saol fada duit a Joe. Slán go fóill.