A Chairde. Mícheál anseo.
Is é an Siopa Earraí Ginearalta W J Sloans, atá suite
ar an bpriomhshráid, ceann de na siopaí is fearr liomsa i Mainistir na Búille.
Is iad Tom agus Theresa Cunningham atá ina bhun anois ó 1987
agus bíonn siad deas cairdiúil gealgháireach liomsa i gconaí. Labhraím i
nGaeilge leo go minic agus ní miste leo é sin.
Tá raon mór earraí ar diol sa siopa mór seo
agus is breá liom ag siúl timpeall ann ag feachaint ar a bhfuil ar na
seilfeanna. Nuair a theastaíonn aon earra uaim seo é an chéad siopa a dtugaim
cuairt air.
Is sa bhliain 1861 a d oscail Muintir Sloans an
siopa. Sa bhlian 1901chuaigh an siopa sin trí thine agus dóadh go talamh é. Is
cosúil go LUCH a bhí ag lorg bia di féin a thosaigh ag scríobadh tríd bhosca
cipíní solais ba chúis leis an tine. Tógadh arís é agus sin é an siopa atá le
feiceáil againn inniu.
Slán go fóill.
No comments:
Post a Comment